Éist linn anseo........
An Dochtúir
A dhochtúir, A dhochtúir,
Tá pian i mo chois
Thit mé inné
Is mé ag brostú don bhus
A dhochtúir, a dhochtúir
Tá pian i mo ghlúin
Bhí mé ag guí
Sa tséipeal Dé Luain
A dhochtúir, a dhochtúir
Tá pian i mo mhéar
Scríobh mé ceacht fada
Sa chistin aréir
A pháistí, a pháistí
Tá pian i mo cheann
Ag éisteacht anseo
Le sibhse gan stad.
Éist linn anseo.......
Pianta
le Art Ó Súilleabháín
Tá pian i mo dhroim
Ta pian i mo lámh
Tá pian i mo rúitín
Mam, níor chodail mé go sámh.
Tá pian i mo bholg
Tá pian mo cheann
Tá pian i mo scórnach
Mam, cá bhfuil mo pheann?
Tá pian i m’ordóg
Tá pian i mo shrón
Tá pian i mo chluasa
Mam, cá bhfuil mo lón?
Á, a mham tá mé ocrach
Ach chaill mé mo ghoile
‘Tuigim anois’, arsa Mam,
‘Céard atá ort – tinneas scoile?’
No comments:
Post a Comment